Evertype Publishing

p>Wonderland & Carrolliana

Books in Cornish

Books in Irish

Books in Esperanto

Books in Volapük

Fiction in English

Children’s books

Language & Linguistics

Constructed Languages

Polynesian languages

Philosophy & Religion

Cookery

Nonfiction

Complete catalogue

   Leabhair i nGaeilge
Books in the Irish language.
Éist leis an gCruinne
Gabriel Rosenstock.
2014. ISBN 978-1-78201-085-2

Bailiúchán breá aistí le Gabriel Rosenstock. Foilsíodh cuid mhaith acu ar The Irish Times an chéad uair, aistí ina bpléitear réimse leathan ábhar agus scata daoine a bhfuil spéis aige iontu – Derrick Jensen, David Abram, Amin Maalouf, Wolfi Land­streicher, Rabindranath Tagore, Cathal Ó Searcaigh, Svetlana Marisova agus a thuill­eadh nach iad. Ceisteanna a bhaineann le cúrsaí creidimh agus cúrsaí polaitíochta, náisiún­achas v. ainrialachas, cuir i gcás, cúrsaí teanga is filíochta, gan amhras, cúrsaí timpeallachta, an haiku. Tá a fhios againn go léir faoin am seo cad is haiku ann, ach cad is renku ann? Léigh leat. Léigh faoin bpobal neamh­ghnách san India, na Bishnoi, agus go leor leor eile. Lón machnaimh don rara avis sin na laethanta seo, an léitheoir Gaeilge.

Slí an Eolais agus Eagna an Ghaeil
Cormac Ó Cadhlaigh a scríobh. Aibhistín Ó Duibh, Donncha Ó Riain agus Seán Ó Riain a chóirigh
2013. ISBN 978-1-78201-049-4

Seo eagráin nua, in aon imleabhar amháin, de Slí an Eolais agus Eagna an Ghaeil, leis an Ollamh Cormac Ó Cadhlaigh. Cnuasach téarmaí, seanfhocal, nathanna cainte, agus blúirí litríochta is seanchais, agus iad rangaithe de réir téama (mar shampla, baill bheatha an duine, sláinte, am agus aimsir, clann agus muintir) atá in Slí an Eolais. Leabhar coimhdeach ag Slí an Eolais é Eagna an Ghaeil, a bhfuil míniú ann ar sciar mór de na seanfhocail atá in Slí an Eolais maille le míniú ar neart nathanna cainte eile agus sleachta machnaimh ar ghnéithe éagsúla den saol. Tá lear eolais agus saibhreas teanga sa dá shaothar seo, roinnt mhaith de ligthe i ndearmad, b'fhéidir, agus an té a shúfaidh chuige a bhfuil iontu, saibhreofar go mór a chur amach ar Éirinn agus ar a teanga. Tá léargas suimiúil iontu, leis, ar an saol in Éirinn sna 1920idí (an tráth a foilsíodh an dá leabhar) agus ar na tréithe a bhain leis—an mórtas cine, an chráifeacht, agus ciall do stair agus do dhúchas na hÉireann.

An tSlaivéin
A novel by Panu Petteri Höglund, with illustrations by Mathew Staunton.
2012. ISBN 978-1-78201-043-2

Úrscéilín é seo a chaitheas súil ar an tSlaivéin, tír bheag shamhailteach in Oirthear na hEorpa. Chonaic muintir na tíre seo an tUileloscadh agus an Stailíneachas, ach níor briseadh a meanma ná a misneach faoi bhrú na staire gránna seo féin. Anois, áfach, gheal lá na saoirse agus d’imigh scáil an tSóivéadachais, ach tháinig géarchéim nua ag bagairt ar an tír ón taobh istigh. Fear óg íogair é Adam Jokamies a tháinig i gcrann i gCríoch Lochlann, beag beann ar an gcineál cruatan a ndeachaigh muintir na Slaivéine tríd. D’fhág an tSlaivéin faoi dhraíocht é, áfach, agus é ag tabhairt aghaidhe ar an tír anois le teanga na tíre a fhoghlaim. Tá an t-úrscéal seo ag cur thar maoil le cultúr agus le cuimhní cinn Oirthear na hEorpa, rud is annamh a d’fheicfeá i litríocht na Gaeilge. Ach is scéal grá é chomh maith, agus é ar na cinn is earótai sa teanga.

An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís
By J.R.R. Tolkien, translated into Irish by Nicholas Williams
2012. ISBN 978-1-904808-90-9 (hardcover). ISBN 978-1-78201-033-3 (paperback)

Bhí gnaoi an phobail riamh leis an sárscéal fantasaíochta seo faoi hobad darb ainm Biolbó Baigín agus é á sciobadh chun siúil gan choinne ar eachtra fhada in éineacht le Gandalf Draoi agus le trí abhac déag. Is scéal An Hobad faoi thuras a dhéanann Biolbó i gcuideachta na n-abhac le teacht ar thaisce ór a bhfuil dragan i seilbh uirthi. In aghaidh a thola ar dtús a ghlacann Biolbó Baigín páirt sa tóraíocht chontúirteach, mar is hobad gan uaillmhian é, atá an-tugtha do chompord an tsaoil. I ndeireadh na dála, áfach, cuireann sé iontas air féin lena sheiftiúlacht agus lena scil amhail buirgléir. I measc eachtraí eile buaileann Biolbó le troill, le púcaí, le habhaic, le heilbh agus le damháin alla ollmhóra, déanann sé comhrá le Smóg Dragan, agus bíonn sé i láthair go han-drogallach ag Cath na gCúig Arm. Tá Biolbó Baigín le háireamh i measc laochra neamhbhásmhara litríocht na bpáistí. Is dá pháistí féin a scríobh an tOllamh Tolkien an scéal an chéad lá agus bhain an bunleagan Béarla cáil dhomhanda amach a thúisce is a foilsíodh é. Anois tá leagan Gaeilge le fáil den chéad uair riamh in aistriúchán den scoth leis an Ollamh Nicholas Williams. Feicfear sa leabhar na pictiúir agus na léirscáileanna uile a rinne an t-údar féin.

An Leabhar Craicinn: Scéalta earótacha
Four erotic stories by Panu Petteri Höglund, with illustrations by Mathew Staunton.
2012. ISBN 978-1-78201-027-2

Deirtear go bhfuil litríocht na Gaeilge seachantach i leith cúrsaí craicinn agus nach maith lenár gcuid scríbhneoirí lomchuntas a thabhairt ar an ngrá collaí. Chuaigh Panu Petteri Höglund i mbun pinn leis na líomhaintí seo a bhréagnú scun scan, agus seo é an toradh: ceithre scéal earótacha i nGaeilge shaibhir nádúrtha agus iad suite i saol an lae inniu. Scríbhneoir agus teangeolaí ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund agus é meáite ar litríocht éadrom a sholáthar do lucht na Gaeilge.

An Leabhar Nimhe: Scéalta agus aistriúchán
Four stories by Panu Petteri Höglund and one by S. Albert Kivinen, translated into Irish by Panu Petteri Höglund, with illustrations by Mathew Staunton.
2012. ISBN 978-1-78201-021-0

Cúig ghearrscéal uafáis in aithris ar stíl an Mheiriceánaigh H. P. Lovecraft, a chruthaigh seánra nua scéalta uafáis—an tUafás Cosmach. Panu Petteri Höglund a d'aistrigh gearrscéal Kivinen go Gaeilge agus a scríobh na ceithre cinn eile a fhoilsítear faoi chlúdach leabhair anseo. Casfar uafás cosmach Lovecraft ort san Fhionlainn agus in Éirinn, i saol an lae inniu agus i saol an lae roimh an Drochshaol. Chaith Panu Petteri Höglund na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar Ghaeilge na gcaint­eoirí dúchais le go bhféadfadh sé scéalta a insint i stíl a mbeadh blas ceart na teanga uirthi. Is é an bailiúchán gearrscéalta seo an dara leabhar Gaeilge a tháinig óna pheann. Na scéalta leis féin a fhoilsítear anseo, chuaigh siad i gcló an chéad uair in An Gael, iris Chumann Carad na Gaeilge sna Stáit Aontaithe.

Cú na mBaskerville
By Arthur Conan Doyle, translated into Irish by Nioclás Tóibín, with illustrations by Sidney Paget, edited by Aibhistín Ó Duibh
2012. ISBN 978-1-78201-014-2

Tá Sir Charles Baskerville, mionuasal de chuid Devon Shasana, tar éis bás a fháil gan choinne agus dealraíonn sé gurb é an scanradh a chuir cú ábhalmhór scáfar air a thug a bhás. Creideann roinnt dá chomharsana seanscéal a deir nach ainmhí saolta an madra céanna, ach cú diabhlaí aníos ó ifreann a thaithíonn riasc sceirdiúil contúirteach na dúiche agus atá ar tí dhíobháil mhuintir Baskerville le fada. Faoi Sherlock Holmes agus an Dochtúir Watson atá sé a thaispeáint cén sórt ainmhí go fírinneach an cú agus féachaint chuige san am céanna nach ndéantar aon díobháil do Sir Henry Baskerville, mac dearthár agus oidhre Sir Charles, atá tagtha chun cónaithe in Halla Baskerville chun a oidhreacht a éileamh. Dar le go leor léirmheastóirí go bhfuil Cú na mBasker­ville ar an scéal is fearr de scéalta Sherlock Holmes agus níl aon amhras ach go bhfuil sé ar cheann de na scéalta bleachtaireachta is iomráití dár scríobhadh riamh. Foilsíodh in 1934 an t-aistriúchán Gaeilge seo de a rinne Nioclás Tóibín. Is éard atá san eagrán nua seo leagan caighdeánaithe den aistriúchán sin, arna chur in eagar ag Aibhistín Ó Duibh.

An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís
By J.R.R. Tolkien, translated into Irish by Nicholas Williams
2012. ISBN 978-1-904808-90-9 (hardcover). ISBN 978-1-78201-033-3 (paperback)

Bhí gnaoi an phobail riamh leis an sárscéal fantasaíochta seo faoi hobad darb ainm Biolbó Baigín agus é á sciobadh chun siúil gan choinne ar eachtra fhada in éineacht le Gandalf Draoi agus le trí abhac déag. Is scéal An Hobad faoi thuras a dhéanann Biolbó i gcuideachta na n-abhac le teacht ar thaisce ór a bhfuil dragan i seilbh uirthi. In aghaidh a thola ar dtús a ghlacann Biolbó Baigín páirt sa tóraíocht chontúirteach, mar is hobad gan uaillmhian é, atá an-tugtha do chompord an tsaoil. I ndeireadh na dála, áfach, cuireann sé iontas air féin lena sheiftiúlacht agus lena scil amhail buirgléir. I measc eachtraí eile buaileann Biolbó le troill, le púcaí, le habhaic, le heilbh agus le damháin alla ollmhóra, déanann sé comhrá le Smóg Dragan, agus bíonn sé i láthair go han-drogallach ag Cath na gCúig Arm. Tá Biolbó Baigín le háireamh i measc laochra neamhbhásmhara litríocht na bpáistí. Is dá pháistí féin a scríobh an tOllamh Tolkien an scéal an chéad lá agus bhain an bunleagan Béarla cáil dhomhanda amach a thúisce is a foilsíodh é. Anois tá leagan Gaeilge le fáil den chéad uair riamh in aistriúchán den scoth leis an Ollamh Nicholas Williams. Feicfear sa leabhar na pictiúir agus na léirscáileanna uile a rinne an t-údar féin.

Sciorrfhocail: Scéal agus úrscéal
By Panu Petteri Höglund, with illustrations by Otso Höglund
2009. ISBN 978-1-904808-31-2

Trí ghearrscéal agus úrscéal amháin le scríbhneoir Fionlannach a d’fhoghlaim a chuid Gaeilge ó scéalaithe agus ó scríbhneoirí móra na Gaeltachta sular tháinig sé go hÉirinn den chéad uair. Seo iad na scéalta Gaeilge a chum sé ina fhear óg dó, agus iad ar fáil faoi chlúdach leabhair anois. Scéalta iad faoi dhaoine uaigneacha a chaitheann slabhraí an uaignis díobh agus iad ag tóraíocht an ghrá.

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi
By Lewis Carroll, translated into Irish by Nicholas Williams
2009. ISBN 978-1-904808-29-9

Scéal samhraidh atá in Alice’s Adventures in Wonderland a d’fhoilsigh Lewis Carroll (Charles Lutwidge Dodgson) den chéad uair i mí Iúil 1865. D’fhoilsigh Nicholas Williams leagan Gaeilge de sin sa bhliain 2003 faoin teideal Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas. Is le paca cártaí a bhaineann roinnt mhaith de charachtair agus d’eachtraí an leabhair. Scéal geimhridh is ea an scéal seo Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi agus is aistriúchán Gaeilge é ar Through the Looking-Glass and What Alice Found There a d’fhoilsigh Carroll den chéad uair i mí na Nollag 1871. Ar chluiche fichille a bunaíodh formhór dá bhfuil sa dara scéal seo.

Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá
By Jules Verne, translated into Irish by Torna (Tadhg Ua Donnchadha), edited by Nicholas Williams
2008. ISBN 978-1-904808-15-2

Chuir Tadhg Ó Donnchadha Gaeilge ar Le tour du monde en quatre vingt jours le Jules Verne go luath i bhfichidí na fichiú haoise, bíodh nár foilsíodh an t-aistriúchán Gaeilge i bhfoirm leabhar go dtí 1938 agus Cuaird an Domhain i gCeithre Fichid Lá mar theideal air. Is sa chló Gaelach agus i seanlitriú a bhí eagrán 1938. Bhuail mise an cló Rómhánach agus an litriú caighdeánach anuas ar leagan Thorna chun é a chur in oiriúint do léitheoirí an lae inniu. Bhí orm freisin roinnt de na logainmneacha atá ag an aistritheoir a choigeartú sa chaoi go dtuigfeadh an léitheoir nua-aimseartha iad. Ar mhaithe leis an soiléire, d’athraigh mé stór focal Thorna i bhfíorchorráit freisin. Cé go bhfuil an teicneolaíocht atá mar bhonn le taisteal Philéas Fogg timpeall an domhain sa leabhar as dáta le fada an lá, ní rachaidh téama an úrscéil, an geall a leagadh agus an rás in aghaidh na haimsire, as dáta go deo, agus tá súil agam go mbainfidh an gnáthléitheoir taitneamh as an eagrán nua seo. —Nicholas Williams.

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas
By Lewis Carroll, translated into Irish by Nicholas Williams
2007. ISBN 978-1-904808-13-8

Is seoid de litríocht na bpáistí an leabhar Béarla Alice’s Adventures in Wonderland a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1865. Is iomaí sin teanga a bhfuil aistriúchán den scéal le fáil inti. Foilsíodh aistriúchán Gaeilge le Pádraig Ó Cadhla (1875-1948) sa bhliain 1922 ach ní fhacthas leagan ar bith eile i nGaeilge go dtí anois. Is aistriúchán nua ar fad an leagan seo thíos. K. Verschoyle a rinne na léaráidí le haghaidh aistriúchán Uí Chadhla. Is iad na pictiúir cháiliúla a rinne Sir John Tenniel agus a bhí sa chéad eagrán Béarla atá le feiceáil sa leabhar seo.