[Evertype]  An Fáidh Home
 
 

An Fáidh

The Prophet

By Kahlil Gibran

First edition, 2021. Illustrations by Kahlil Gibran. Translated into Irish by Gabriel Rosenstock. Dundee: Evertype. ISBN 978-1-78201-249-8.

Click on the book cover on the right to order this book from Amazon.co.uk!

Or if you are in North America, order the book from Amazon.com!

Also available in Breton, in Cornish, in English, in French, and in Spanish.


Arsa ógánach, Labhair linn faoin gCairdeas.
Agus d’fhreagair sé, á rá:
Freastal ar riachtanas is ea cairdeas.
Is gort é do chara, cuirtear síol sa ghort sin le grá agus baintear an fómhar go buíoch.
Agus is lóistín duit é agus tinteán.
Mar téann tú chuige agus ocras ort, agus lorgaíonn tú síth ina theannta.

  And a youth said, Speak to us of Friendship.
And he answered, saying:
Your friend is your needs answered.
He is your field which you sow with love and reap with thanksgiving.
And he is your board and your fireside.
For you come to him with your hunger, and you seek him for peace.
Nuair a nochtann do chara a chroí, níl eagla ort roimh “ní hea” a rá i d’aigne féin, agus ní choinníonn tú “is ea” uaidh.
Agus nuair a bhíonn sé faoi thost ní stopann do chroí de bheith ag éisteacht lena chroí san;
Mar, gan focal a rá, saolaítear agus roinntear gach smaoineamh, gach mian, gach tnúth sa chairdeas, le háthas nach bhfógraítear. Ní chaoineann tú nuair a scarann tú le cara;
Mar an ní is mó ann a dtugann tú grá dó, d’fhéadfadh gur soiléire duit é ina éagmais, faoi mar is léire an sliabh ón machaire i súile an dreapadóra.
Agus ná bíodh cuspóir ar bith ag an gcairdeas ach neartú an spioraid.
Mar an grá nach bhfuil uaidh ach a mhistéir féin a nochtadh, ní grá ar bith é ach líon a theilgtear: ní cheaptar aon ní luachmhar ann.

  When your friend speaks his mind you fear not the “nay” in your own mind, nor do you withhold the “aye”.
And when he is silent your heart ceases not to listen to his heart;
For without words, in friendship, all thoughts, all desires, all expectations are born and shared, with joy that is unacclaimed.
When you part from your friend, you grieve not;
For that which you love most in him may be clearer in his absence, as the mountain to the climber is clearer from the plain.
And let there be no purpose in friend­ship save the deepening of the spirit.
For love that seeks aught but the disclosure of its own mystery is not love but a net cast forth: and only the unprofitable is caught.
Tabhair an chuid is fearr díot féin do do charasa.
Agus má chuireann sé eolas ar do lagtrá, cuireadh sé eolas, leis, ar do rabharta.
Mar cad is cara ann mura bhfuil uaibh ach an aimsir a mheilt i dteannta a chéile?
Bíodh do chara uait chun an aimsir a chomhlánú.
Chun riachtanas leat a chomhlánú atá sé, ní chun d’fholús a líonadh.
Agus i milseacht an chairdis bíodh an gáire ann agus roinntear pléisiúir eadraibh.
I ndrúcht na mion-nithe a aimsíonn an croí an mhaidin agus a athnuachan.
  And let your best be for your friend.
If he must know the ebb of your tide, let him know its flood also.
For what is your friend that you should seek him with hours to kill?
Seek him always with hours to live.
For it is his to fill your need, but not your emptiness.
And in the sweetness of friendship let there be laughter, and sharing of pleasures.
For in the dew of little things the heart finds its morning and is refreshed.
Friendship
Leabhar 26 fabhalscéal scríofa mar dhánta próis é An Fáidh le Kahlil Gibran, file agus fealsamh Liobánach-Mheiriceánach. Ba sa bhliain 1923 a foilsíodh ar dtús é agus is é an saothar is iomráití de chuid Gibran é. Aistríodh go breis is 100 teanga é, ceann de na leabhair is mó a aistríodh riamh. Ní raibh sé riamh as cló.

Cuirtear an Fáidh Almustafa in aithne dúinn i dtosach an leabhair. Dosaen bliain atá sé ag feitheamh leis an long a thabharfaidh abhaile é. Sula n-imíonn sé, iarrann cuid d’áitreabhaigh na cathrach Orfalaís air a thuiscint do choincheapa áirithe a roinnt leo den uair dheireanach (“Labhair linn faoi…”). Tugann an Fáidh 26 seanmóir uaidh a bhaineann le buncheisteanna na beatha, is e sin an grá, an pósadh, leanaí, déirc, ithe is ól, obair, áthas is brón, tithe, éadach, díol agus ceannach, coiriúlacht agus pionós, dlíthe, saoirse, réasún agus paisean, pian, féin-eolas, teagasc, cairdeas, caint, am, maith is olc, paidreoireacht, pléisiúr, áilleacht, reiligiún, agus i ndeireadh na dála, an bás. Sa chaibidil dheireanach, tá ceist cad is brí le brí fite fuaite ina bhriathra scoir.

  The Prophet is a book of 26 fables written in English prose poetry by the Lebanese-American poet and philosopher Kahlil Gibran. It was first published in 1923 and is Gibran’s best known work. The Prophet has been translated into over 100 languages, making it one of the most translated books in history. It has never been out of print.

The narrative introduces us to the Prophet Almustafa, who has waited twelve years for his ship, which will finally take him back to his homeland. Before leaving, some inhabitants of the city of Orphalese ask him to convey to them his insights on various topics for the last time (“Speak to us of…”). The Prophet relates 26 sermons that deal with basic questions of human life, such as love, marriage, children, giving, eating and drinking, work, joy and sorrow, houses, clothes, buying and selling, crime and punish­ment, laws, freedom, reason and passion, pain, self-knowledge, teaching, friendship, talking, time, good and evil, prayer, pleasure, beauty, religion, and finally death. In the final chapter, Almustafa interweaves a discussion about the question of meaning into his parting words.


 
HTML Michael Everson, Evertype, 19A Corso Street, DD2 1DR, Scotland, 2021-02-21

Copyright ©1993-2021 Evertype. All Rights Reserved