Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi
|
“Don’t stand chattering to yourself like that,” Humpty Dumpty said, looking at her for the first time, “but tell me your name and your business.” | “Ná bí i do sheasamh ansin ag cabaireacht leat féin mar sin,” arsa Filimín Failimín agus d’fhéach anuas uirthi den chéad uair, “ach inis dom d’ainm agus do ghnó.” | |
“My name is Alice, but—” | “Eilís is ainm dom, ach—” | |
“It’s a stupid name enough!” Humpty Dumpty interrupted impatiently. “What does it mean?” | “Ainm sách amaideach é!” arsa Filimín Failimín ag teacht roimpi go mífhoighneach. “Cad is brí leis?” | |
“Must a name mean something?” Alice asked doubtfully. | “An gá d’ainm brí a bheith leis?” arsa Eilís go hamhrasach. | |
“Of course it must,” Humpty Dumpty said with a short laugh: “my name means the shape I am—and a good handsome shape it is, too. With a name like yours, you might be any shape, almost.” | “Is gá ar ndóigh,” a dúirt Filimín Failimín agus rinne sé gáire beag. “Is éard is brí le m’ainmse an cruth atá orm, agus cruth maith dathúil atá ann freisin. D’fhéadfása cruth de chineál ar bith nach mór a bheith agat, agus an t-ainm sin ort.” | |
![]() |
||
Alice’s Adventures in Wonderland is a tale of summer which Lewis Carroll (Charles Lutwidge Dodgson) published for the first time in July 1865. Nicholas Williams published an Irish version of it in 2003 under the title Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas. Many of the characters in the book belong to a pack of cards. This story, Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi, is a winter's tale, an is a translation of Through the Looking-Glass and What Alice Found There which Carroll first published in December 1871. Much of this second story is based on the game of chess. | Scéal samhraidh atá in Alice’s Adventures in Wonderland a d’fhoilsigh Lewis Carroll (Charles Lutwidge Dodgson) den chéad uair i mí Iúil 1865. D’fhoilsigh Nicholas Williams leagan Gaeilge de sin sa bhliain 2003 faoin teideal Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas. Is le paca cártaí a bhaineann roinnt mhaith de charachtair agus d’eachtraí an leabhair. Scéal geimhridh is ea an scéal seo Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi agus is aistriúchán Gaeilge é ar Through the Looking-Glass and What Alice Found There a d’fhoilsigh Carroll den chéad uair i mí na Nollag 1871. Ar chluiche fichille a bunaíodh formhór dá bhfuil sa dara scéal seo. | |
The heroine of the two books is Alice Liddell, daughter of the Dean of Christ Church, Oxford, where Dodgson taught mathematics. Although Alice Liddell was born in 1852, twenty years later then Dodgson, she is kept in the two books as a little girl of seven years of age, the age she was when she Dodgson met her for the first time. It is clear from the pieces of poetry at the beginning and the end of this book that Carroll was very fond of Alice Liddell. One must remember, however, that Alice's parents and Carroll fell out in 1864 and that he saw her very rarely after that date. | Is í banlaoch an dá leabhar Alice Liddell, iníon le Déan Christ Church, Oxford, áit a raibh Dodgson ina oide matamaitice. Cé gur sa bhliain 1852 a rugadh Alice Liddell, fiche bliain níos déanaí ná Dodgson, samhlaítear sa dá leabhar í mar chailín beag seacht mbliana d’aois, an aois a bhí aici nuair a casadh Dodgson den chéad uair uirthi. Is léir ó na píosaí filíochta ag tús agus ag deireadh an leabhair seo go raibh an-chion ag Carroll ar Alice Liddell. Ní mór cuimhneamh, áfach, gur éirigh idir tuismitheoirí Alice agus Carroll sa bhliain 1864 agus nach bhfaca sé ach go fíorannamh i ndiaidh an dáta sin í. |
Available from:
An Siopa Leabhar Baile Átha Cliath ••• Litriocht.com Trá Lí ••• Cúpla Focal Bré
HTML Michael Everson, Evertype, 73 Woodgrove, Portlaoise, R32 ENP6, Ireland, 2009-10-05
Copyright ©1993-2009 Evertype. All Rights Reserved
|