|
Tine sa Chácóin
Panu Petteri Höglund a scríobh
First edition, 2018. Maisiúcháin le Mathew Staunton. Dundee: Evertype. ISBN 978-1-78201-224-5 (paperback), price: €13.95, £11.95, $15.95. Click on the book cover to order this book from Amazon.co.uk! If you are in North America, order the book from Amazon.com!
|
|
Tír shuaimhneach shíochánta i dTuaisceart na hEorpa a bhí sa Chácóin tráth. Anois áfach tá sí ar coipeadh le seineafóibe is le sceimhlitheoireacht. Maraíodh fear ceannais na heite deise antoiscí, agus an chuma ar an scéal go bhfuil lucht a leanúna ag cromadh ar fheachtas sceimhlitheoireachta le díoltas a bhagairt ar an tsochaí go léir. Caithfidh Makar Turkan, bleachtaire, an dúnmharfóir a cheapadh sula rachaidh cúrsaí na tíre ó smacht go hiomlán.
|
|
Tháinig an scéal seo i gcló an chéad uair ar an iris Ghael-Mheiriceánach An Gael i dtús na 2010idí, ach níor imigh a dhath dá thoipiciúlacht idir an dá linn.
|
|
Scéinséir é seo atá bord ar bhord le himeachtaí corracha ár linne. Scéal grá é freisin. Achainí phaiseanta atá ann ar son cairdis agus muintearais, in aghaidh gach cineál ciníochais.
|
|
Is Fionlannach Panu Petteri Höglund, a rinne staidéar ar na teangacha Slavacha in Åbo Akademi .i. Ollscoil Sualainnise na Fionlainne. Bhí líofacht aige sa Pholainnis sular fhoghlaim sé a chéad fhocal Gaeilge riamh. Tá trí leabhar eile Gaeilge foilsithe aige: Sciorrfhocail (2009), An Leabhar Nimhe (2012) agus An Leabhar Craicinn (2013). Tá a inniúlacht mar scríbhneoir le sonrú ar an leabhar deireanach seo uaidh.
|
Available from:
An Siopa Leabhar Baile Átha Cliath ••• Litriocht.com Trá Lí
|