Gíta Ashtávakra: Aṣṭāvakra Gītā
|
||||||||||||||||
|
niḥsaṃgo niṣkriyo’si tvaṃ svaprakāśo niraṃjanaḥ | ayameva hi te bandhaḥ samādhimanutiṣṭhati ‖ 1-15 ‖ |
1.15. Tá tú saor anois is go deo Féin-soilseach, trédhearcach, ciúin. Coinneoidh an machnamh, suaimhniú na haigne, I ngeimhle thú: Airdeall is ea machnamh Machnamh is ea Airdeall. |
|
|
nirapekṣo nirvikāro nirbharaḥ śītalāśayaḥ | agādhabuddhirakṣubdho bhava cinmātravāsanaḥ ‖ 1-17 ‖ |
1.17. Neamhchoinníollaithe atá tú Gan athrú Gan chruth. Soladach, dothomhaiste, socair. Ná santaigh aon ní. Is Comhfhios thú. |
|
|
na te saṃgo’sti kenāpi kiṃ śuddhastyaktumicchasi | saṃghātavilayaṃ kurvannevameva layaṃ vraja ‖ 5-1 ‖ |
5.1. Gan teimheal atá tú Ní theagmhaíonn aon ní leat. Cad atá ann is gá diúltú dó? Tá an aigne casta—scaoil léi. Cuir eolas ar an suaimhneas A thagann leis an scaoileadh sin. |
|
|
Bí sona, bí suaimhneach an teachtaireacht atá ag an gcomhrá seo idir Ashtávakra, saoi agus Janaka, rí, an léargas is leithne, is loime agus is doimhne is féidir a bheith agat ort féin agus ar an gcruinne. Bí sona, bí suaimhneach, bí saor ó bhuairt. “Is leor aon véarsa de na véarsaí seo a léamh uair amháin chun go dteilgfí chun na saoirse thú—Jīvanmukti.” “Teagasc simpli é teagasc Ashtávakra, teagasc díreach meallacach ar an toirt. Téann sé go croí ionainn agus is leor machnamh a dhéanamh air chun réamhbhlaiseadh de lúcháir na saoirse a thabhairt don aigne a bhí cothaithe go dtí seo ag an ábharachas.” “Is fada aitheanta é mar bhuaic na gaoise spioradálta. Tarchéimníonn sé gach modh eile chun léargas spioradálta a fháil.” Traschruthú i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock ar an gcomhrá beannaithe idir Ashtávakra, saoi, agus tiarna gaoismhear, Janaka. |
||
|
HTML Michael Everson, Evertype, 19A Corso Street, DD2 1DR, Scotland, 2019-12-06
Copyright ©1993-2020 Evertype. All Rights Reserved
|