Nov 01

Tá an leabhar Sciorrfhocail: Scéalta agus úrscéal le Panu Petteri Höglund le fáil ó Evertype anois. Otso Höglund, deartháir an údair, a mhaisigh an leabhar.

From the back cover:

Trí ghearrscéal agus úrscéal amháin le scríbhneoir Fionlannach a d’fhoghlaim a chuid Gaeilge ó scéalaithe agus ó scríbhneoirí móra na Gaeltachta sular tháinig sé go hÉirinn den chéad uair. Seo iad na scéalta Gaeilge a chum sé ina fhear óg dó, agus iad ar fáil faoi chlúdach leabhair anois. Scéalta iad faoi dhaoine uaigneacha a chaitheann slabhraí an uaignis díobh agus iad ag tóraíocht an ghrá.

“Ainmhian na Máistreása Óige”: Cailín cráifeach í Pia nár thuig bealaí an ghrá riamh. Ach anois, chuaigh an grá féin i luíochán roimpi.

“Craiceann”: Tháinig mac léinn óg ar cuairt chuig a thuismitheoirí le súil a chaitheamh ar na seanbhólaí. Céard a chasfar air cois an locha i gcroí na coille, meas tú? Céard eile ach an grá féin!

“Béarlóir Deireanach an Domhain”: Chuaigh an Ghaeilge ar fud an domhain. Níl ach Gaeilge Uladh ag na Meiriceánaigh, agus fágadh an Béarla in áit na leathphingine i Sasana féin. Cén cineál saoil atá ag an mBéarlóir deireanach ar an saol seo?

Tachtaimis an Grá Sin: Fear óg cúthail é Somhairle nach bhfuil de chairde aige ach ógánach uaigneach eile agus nach bhfuil de chaitheamh aimsire aige ach a bheith ag amharc ar na físghránnáin. Ach lá amháin, castar cailín air nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin i Narkkaus, baile beag in Oirthear na Fionlainne.

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.

preload preload preload